Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-01-19-Speech-4-149-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20170119.7.4-149-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ós rud é gurb é seo mo chéad óráid san athbhliain tá mé chun é a dhéanamh i mo theanga dhúchais féin. Is trua gur ábhar míshásúil atá idir lámha againn ach tá súil agam go n-éireoidh linn tríd an rún seo rudaí a fheabhsú sa Bhurúin. Agus tá rudaí imithe ar gcúl go háirithe ó shocraigh uachtarán na tíre dul ar aghaidh don triú téarma i gcoinne a bhunreacht féin. Meastar go bhfuil míle duine curtha chun báis ó shin, go bhfuil daoine ag teitheadh na tíre, go bhfuil cearta daonna á séanadh, go bhfuil coir agus caimiléireacht de gach saghas ar siúl agus go bhfuil 4.6 milliún duine i mbaol ocrais. Dá bhrí sin, is uafásach an scéal é mar a dúirt na feisirí eile agus tá súil agam go n-éireoidh linn brú a chur ar an uachtarán chun an deachtóireacht uafásach seo a stopadh sa Bhurúin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples