Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-05-11-Speech-3-188-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160511.15.3-188-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, arís is dóigh liom gur moltaí an-mhaith iad seo agus ní féidir leo aon rud ach maitheas a dhéanamh, ní hamháin don Eoraip ach go háirithe do na tíortha seo atá ag forbairt. Dar ndóigh, tá an-chuid déanta ag an Aontas le blianta fada do na tíortha atá ag forbairt trí chabhair de gach sórt a thabhairt dóibh. Ach is dóigh liom gur ceart dúinn anois na moltaí seo a chur i bhfeidhm i dtreo is gur féidir leis na daoine go bhfuil a lán tallainne acu – ach nach bhfuil an seans acu ina dtíortha féin an tallann a úsáid – teacht go dtí an tAontas chun gur féidir leo taighde, staidéar, traenáil agus obair dheonach a dhéanamh. Agus má fhanann siad san Aontas, cabhróidh sé go mór leis an Aontas amach anseo; ach má théann siad ar ais go dtína dtíortha féin, beidh siad ag tabhairt an taithí sin go léir leo agus beidh siad in ann gnónna a bhunú agus mar sin de. Is iontach an moladh é."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph