Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-02-25-Speech-2-560-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160225.34.2-560-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá áthas orm cúpla focal a rá faoin ábhar seo mar is Éireannach í Emily O’Reilly agus is cara liom í agus dar ndóigh tá jab iontach déanta aici ó toghadh í don phost tábhachtach seo.
Fiú i mbliain amháin 2014, tháinig 2 163 gearán trasna a binse agus chuaigh sí trí gach ceann de na gearáin sin go mion agus d’éirigh léi teacht ar réiteach ar a lán díobh. Dhún sí cuid de na cásanna agus thug sí an míniú go raibh uirthi é sin a dhéanamh, agus i gcásanna eile thug sí moladh nó breith. Fáiltím freisin roimh an bplean go mbeadh straitéis cúig bliana ag an Ombudsman agus freisin go mbeadh sí, as a meon féin, in ann iniúchadh a oscailt ar ábhar áirithe. Dá bhrí sin, tá jab iontach á dhéanamh aici agus molaim í agus táim bródúil aisti.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom tú féin a mholadh as an dea-jab a rinne tú sa chathaoir inniu. Lean ar aghaidh leis an dea-obair, a Uachtaráin!"@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples