Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-10-08-Speech-4-135-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20151008.7.4-135-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, is ábhar an-tábhactach é seo agus is dóigh liom gur cheart dúinn féachaint air i gcomhthéacs na gcainteanna a bhí ar siúl sa Phairlimint seo i rith na seachtaine. Bhí an Seansailéir Angela Merkel agus Uachtarán na Fraince, Francois Hollande, anseo agus iad ag rá gur cheart dúinn díriú níos mó ar an Afraic, cabhrú níos mó leo maidir le hábhair mhóra cosúil le hathrú aeráide, an eacnamaíocht a chur ar bun agus saol níos fearr a chothú do na daoine ann.
Nuair a fheicimid cad atá ag tarlú sa Nigéir, feicimid chomh deacair is atá sé déileáil le grúpaí cosúil le Boko Haram agus an sceimhlitheoireacht atá ar siúl acu, go háirithe maidir le daoine óga – buachaillí óga agus cailíní óga – agus fiú amháin iad ag déanamh scrios ar scoileanna. Dá bhrí sin is léir go gcaithfimid comhoibriú leis na Náisiúin Aontaithe agus le gach aon duine eile a chabhróidh linn chun saol níos fearr a chothú ansin agus troid i gcoinne Boko Haram."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples