Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-09-09-Speech-3-378-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150909.37.3-378-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo agus vótáil mé le mo ghrúpa sna vótaí go léir. Bhí sé suimiúil freisin – agus sásúil – go raibh an chuid is mó de na Feisirí sa Pharlaimint ina fabhar.
Tá leath de dhaonra an domhain agus 75 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí i mbailte móra agus i gcathracha. Dá bhrí sin, caithfimid gach rud a dhéanamh chun ár gcathracha agus ár mbailte móra a chur chun cinn, go háirithe ó thaobh fhás an gheilleagair de.
Ba chóir go mbeadh oideachas agus spórt ar fáil do dhaoine óga; jabanna ar fáil do dhaoine fásta agus fothain ar fáil freisin do gach duine. Rud eile, ba chóir go mbeadh aer folláin ar fáil sna cathracha. Chun é sin a dhéanamh, caithfimid díriú ar thaisteal, go háirithe, níos mó rothar agus níos mó gluaisteán leictreach, agus ar thithe nach mbeidh astaíochtaí ag teacht astu mar atá faoi láthair.
D’fhéadfaimis a lán a dhéanamh. Tá an t-ábhar seo an-tábhachtach agus is féidir linn cabhrú leis."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples