Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-09-08-Speech-2-774-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150908.43.2-774-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá prionsabail agus pointí maithe sna tuarascálacha seo agus tá fiúntas ag gabháil leo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí forbairt agus infheistiú sa tionscal iascaireachta dúchasach, ach caithfear an ruaig a chuir ar an tionscal iascaireachta mídhleathach chun ár n-iascairí beaga dúchasacha a chosaint ionas gur féidir leo slí bheatha a bhaint amach.
Ní féidir leis na hiascairí beaga seo dul in iomaíocht leis na trálaeir ollmhóra, mar shampla iad siúd a thagann ón Rúis nó ón Astráil nó ón tSín. Slogann siad suas tromlach cuibheasach de stoic éisc agus is fíorbheagán a fhágann siad do na hiascairí beaga úd atá ag streachailt.
Ní hé go bhfuil na cabhlaigh thionsclaíocha ón Aontas Eorpach puinn níos fearr, caithfidh mé a rá. Caithfear moltaí a chur i bhfeidhm a chuirfidh cosc ar na cabhlaigh ollmhóra atá ag saothrú na stoc atá ag na tíortha atá i mbéal forbartha.
Táim á rá seo mar go dtuigimid go maith an scéal in Éirinn agus an fhulaingt atá á iompar ag ár n-iascairí de dheasca an iomad solúbthachta a bheith ann maidir le trálaeir eachtrannacha a bhíonn ag iascaireacht go mídhleathach timpeall ár gcósta gan aon stró. Tá súil agam nach bhfeicfimid an rud céanna seo ag tarlú i Rinn Verde, agus i Madagascar agus gan dabht i nGuine Bissau."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples