Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-07-07-Speech-2-567-875"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150707.33.2-567-875"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Chaith mé vóta i gcoinne na tuarascála seo ar chomhpháirtíocht phríobháideach/poiblí agus an tionchar atá ag polasaithe trádála agus infheistíochta AE. Ar an drochuair níl sé aitheanta ag an bParlaimint na baoil agus na fadhbanna a bhaineann le chomhpháirtíocht phríobháideach/poiblí agus le soláthar seirbhísí poiblí do saoránaigh. Tá díomá orm go háirithe go bhfuil soláthar uisce roghnaithe mar spriocréimse i gcomhair tuilleadh rannpháirtíochta de chuideachtaí príobháideacha. Is monaplacht nádúrtha é soláthar uisce. Tugann cuideachtaí príobháideacha tosaíocht do bhrabúis dá scairshealbhóirí, cé go bhfuil oibritheoirí poiblí níos dílse a mhéid a bhaineann le huisce sábháilte agus glan a chur ar fáil do shaoránaigh. I dtuarascáil mo chomhghleacaí, Lynn Boylan, maidir le Right2Water (Ceart chun Uisce), tá béim curtha aici ar an tslí gur chóir ár gceart daonna d’uisce a bheith cumhdaithe i reachtaíocht AE ionas nach mbeidh oibritheoir ar bith ábalta brabús a chur roimh sholáthar uisce do shaoránaigh. Tá cúlra de theipeanna le sonrú ar fud an domhain a mhéid a bhaineann le cuideachtaí príobháideacha a bheith bainteach leis an earnáil uisce agus mar sin níor chóir do AE é a chur chun cinn."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph