Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-11-Speech-4-174-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150611.16.4-174-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí áthas orm páirt a ghlacadh sa díospóireacht anseo aréir faoin ábhar seo. Bhí sé soiléir go raibh gach taobh den Pharlaimint i bhfabhar teachtaireacht a thabhairt do FIFA maidir leis an tslí a dhéanann siad a gcuid oibre agus tá sé sin tábhachtach.
Dar ndóigh, is trua i ndáiríre nach raibh vóta le glao rolla againn ag an deireadh mar bheadh na figiúirí againn maidir le guth na Parlaiminte. Ach ba léir, mar a dúirt tú féin, go raibh tromlach mór i bhfabhar na tuarascála seo.
Tá súil agam go nglacfaidh údaráis FIFA leis an teachtaireacht agus go dtabharfaidh siad isteach na leasuithe atá ag teastáil ó thaobh riaracháin de chomh luath agus is féidir leo, mar tá siad ag déanamh éagóra ar dhaoine óga ach go háirithe sa tslí ina bhfuil siad á n-iompar féin faoi láthair."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples