Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-05-19-Speech-2-407-750"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150519.33.2-407-750"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Chaith mé vóta i bhfabhar na tuarascála seo. Cuirim fáilte roimh an tslí a leagtar béim ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh. Is rud an-dáiríre é seo mar go bhfuil sé ag méadú agus bíonn tionchar tubaisteach aige ar shláinte othar ar fud fad na hEorpa.
Tá sé measta go mbásfaidh 10 milliún duine gach bliain faoin am a mbeidh 2050 bainte amach mar gheall ar an bhfeiniméan seo. Mar sin, tá sé an-tábhachtach go ndéantar rud éigin láithreach chun an eipidéim seo a stopadh. Cuireann an tuarascáil seo i gcuimhne dúinn go bhfuil cur chuige comhordaithe ag teastáil chun obair i gcoinne frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh, díreach cosúil leis an gcur chuige
a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Ba chóir fáilte a chur freisin roimh an tslí a leagtar béim ar an tionchar diúltach a bhí, agus atá, ag an déine ar chórais cúraim sláinte sna Ballstáit."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
"One Health"1
|
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples