Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-04-29-Speech-3-473-500"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150429.87.3-473-500"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Chaith mise vóta i bhfabhar na tuarascála seo. Tá sé tábhachtach aird faoi leith a dhíriú ar chomhthéacs na tuarascála seo atá bunaithe ar chódú agus ní ar Airteagal 108 CFAE. Ag an bpointe seo ní ar shubstaint na bhforálacha a bhí an vóta á chaitheamh.
Baineann sé leis an gcódú amháin. Is uirlis thábhachtach é códú téacsanna dlíthiúla mar go gciallaíonn sé níos mó deimhneachta dlíthiúla agus soiléireachta. Mura ndéantar códú ar an téacs is iad na seantéacsanna leasaithe atá fágtha. Is simpliú atá i gceist go bunúsach.
Ba chóir fáilte a chur roimh aon togra a chuireann le deimhneacht dhlíthiúil agus le follasacht, go háirithe mar gheall ar an tslí go bhfuil na téacsanna seo casta go leor cheana féin agus gurb é an tionchar atá acu gur minic a tharlaíonn agóidí dlíthiúla nach bhfuil de dhíth agus a bhíonn ar chostas an cháiníocóra."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples