Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-11-26-Speech-3-204-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20141126.19.3-204-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá áthas orm a rá gur thug mé tacaíocht do mo ghrúpa sna vótaí go léir anseo, agus dar ndóigh tá an-jab déanta ag Karl-Heinz Florenz mar a dhéanann sé i gcónaí. Freisin, tá moladh ag dul duit féin as ucht an tslí a rinne tú do jab inniu – go héifeachtach agus go neamhspleách.
Maidir leis an ábhar seo, bhí mé ag an díospóireacht anseo níos luaithe agus tá níos mó dóchais faoin ábhar seo anois ná mar a bhí le cúig bliana anuas, nó níos mó b’fhéidir. Is dócha go n-éireoidh níos fearr linn i Líoma agus i bPáras amach anseo ná mar a d’éirigh linn i Kyoto blianta ó shin.
Ag an gcruinniú mullaigh cúpla mí ó sin, bhí áthas orm gur tugadh aird faoi leith ar chúrsaí talmhaíochta agus an áit speisialta atá ag an tionscal sin san ábhar seo, ach freisin chun bia a sholáthar don domhan. Is maith go bhfuil an tuiscint seo ann anois."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples