Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-09-18-Speech-4-113-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140918.12.4-113-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá gaol againn leis an mBanglaidéis anois ó 1973, sin bliain agus dhá scór ó shin. Caithfear a rá go bhfuil a lán dul chun cinn déanta ag an dtír seo, mar a dúirt cainteoirí eile.
Ach i slite eile, ní féidir an dul chun cinn seo a bhrath ná a fheiscint. Cúpla sampla de sin ná: nach bhfuil lucht freasúra láidir ann; gur léir go bhfuil comhcheilg idir na breithiúna agus an rialtas – agus ní féidir cur suas leis seo, ba chóir go mbeadh triail fhéaráilte le fáil ag gach uile dhuine; na coinníollacha slándála atá ag na hoibrithe – chonaiceamar cad a tharla i monarcha éadaí Rana Plaza anuraidh nuair a fuair 1 100 duine bás; agus níos measa is dócha, an neamhaird agus an chluas bhodhar a thugtar do mhná nuair a tharlaíonn coireanna coiriúlachta gnéis ina gcoinne.
Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh muid san airdeall faoi na rudaí seo agus brú a chur ar an mBanglaidéis iad a fheabhsú."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples