Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-16-Speech-3-102-221"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140416.121.3-102-221"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, arís bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt do mo ghrúpa ins na vótaí go léir a bhaineann leis an tuarascáil seo.
Is é seo ceann de na cistí is fearr atá againn san Aontas Eorpach mar feiceann saoránaigh go dtagann an tAontas i gcabhair orthu nuair a bhíonn gá leis agus nuair a bhíonn siad in ísle brí – mar a tharlaíonn go minic nuair a thiteann tubaistí nádúrtha amach.
Fuair mo thír féin tacaíocht ón gciste sin cúpla bliain ó shin nuair a bhí tuilte móra i mo cheantar féin, go háirithe i gCathair Chorcaí. Ach i mbliana, tar éis stoirmeacha móra agus mar sin de agus a lán damáiste déanta don chósta agus araile, tá an rialtas tar éis a rá nach fiú dóibh cur isteach ar an gciste mar nach n-oireann na cúinsí do na coinníollacha. Is trua sin. Ba chóir cabhair a thabhairt d’aon áit nuair a bhíonn tubaiste ann, is cuma cé chomh beag a bhíonn an chabhair sin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples