Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-03-13-Speech-4-211-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140313.38.4-211-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá áthas orm go bhfuilimid ag bunú na hionstraime seo faoin gCiste Slándála Inmheánaí chun comhoibriú idir póilíní a chur i bhfeidhm trasna na hEorpa. Má éiríonn linn é sin a dhéanamh, beimid in ann dul i ngleic le coiriúlacht de gach saghas, go háirithe a mhéid a bhaineann sé le calaois de chineálacha éagsúla, airgead bréige agus earraí bréige agus mar sin de. Cé go gcosnóidh an tacaíocht seo airgead go gearrthéarmach, sábhálfaidh sé airgead san fhadtéarma – agus tá sé sin an-tábhachtach.
Fáiltím roimhe, freisin, go rabhamar i bhfabhar an tseachtain seo Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun. Déanfaidh sé sin an-mhaitheas chun coirpigh a thabhairt os comhair na cúirte agus iad a chur i bpríosún in ionad iad a bheith timpeall na hEorpa ag déanamh raic de shaol na ndaoine agus d’eacnamaíocht na hEorpa."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples