Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-02-25-Speech-2-366-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140225.41.2-366-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí sé de phribhléid agam freastal ar an díospóireacht ar an ábhar seo aréir agus páirt a ghlacadh ann chomh maith. I rith na díospóireachta bhí sé soiléir go raibh an chuid is mó de na Feisirí i bhfabhar na moltaí agus léiríodh é sin arís inniu mar chonaiceamar gur vótáil 578 as 678 i bhfabhar na tuarascála. Anuraidh, dʼeagraigh mé comhdháil ollmhór sa Pharlaimint sa Bhruiséil agus tháinig lucht taighde ó gach cearn den domhan. I rith na seachtaine sin luadh arís agus arís eile go raibh bacanna ann san Eoraip chun lucht taighde a mhealladh isteach chun taighde a dhéanamh nó maireachtáil anseo – ní cosúil leis na Stáit Aontaithe a bhí i bhfad níos oscailte, a chuir i bhfad níos mó fáilte roimh an lucht taighde agus a bhí i bhfad níos tarraingtí dóibh dul ann. Táimid ag déileáil leis na fadhbanna sin agus táim sásta leis na moltaí agus feabhsóidh siad an scéal amach anseo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples