Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-02-04-Speech-2-285-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140204.43.2-285-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo agus cinnte tá moladh ag dul do Arlene McCarthy as an dea-obair atá déanta aici. Dúirt sí ar maidin go bhfuil sí ag dul ar ais go dtína tír féin chun rudaí a cheartú ansin; agus go n-éirí léi san obair seo.
Ba mhaith liom díriú ar dhá mholadh anseo agus is dóigh liom gur maith na moltaí iad. An chéad cheann: go mbeadh pionós ceithre bliana príosúnachta ar a laghad ann do dhaoine a bhíonn ag glacadh páirt i dtrádáil inmheánach mídhleathach, agus freisin do dhaoine a bhíonn ag iarraidh na margaí a shocrú ar mhaithe leo féin. Is maith an moladh é sin.
An dara ceann: go mbeadh príosún ar feadh dhá bhliain tuillte ag duine a thugann eolas míchruinn do na húdaráis nuair is gá dóibh, agus dualgas orthu, eolas cruinn a thabhairt.
Cabhróidh an dá mholadh sin le rudaí a cheartú amach anseo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples