Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-12-12-Speech-4-348-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131212.53.4-348-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí áthas orm vótáil le mo ghrúpa ins na moltaí go léir anseo agus ag an vóta deireanach dar ndóigh.
Tá moladh mór ag dul do na daoine atá ag déileáil leis an bhfadhb chasta chonspóideach seo agus atá ag taispeáint go bhfuilimid sásta seasamh le muintir na hÚcráine, ach go háirithe, san am deacair seo dóibh; go háirithe, ós rud é go bhfuil an Rúis ag cur brú nach beag orthu – brú mídhleathach i ndáiríre. Ag deireadh na dála, is dóigh liom nach féidir saoirse a shéanadh agus beidh an bua ag an daonlathas.
Bhí sé de phribhléid agam inné bualadh le daoine ón Úcráin, teachtaí agus mar sin de, agus an rud a mhol siad ná go leanfaimis ar aghaidh ag caint, ag caint agus ag caint; agus trí chaint is féidir linn teacht ar réiteach maith do mhuintir na hÚcráine le cúnamh Dé."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples