Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-10-24-Speech-4-256-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131024.25.4-256-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Vótálamar i bhfabhar lena bhfuil sa Tuarascáil i dtaca le creatlach láidir chomhsheasmhach a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar an gcoireacht eagraithe agus chun comhar póilíneachta agus breithiúnach a spreagadh agus a neartú san Eoraip agus go hidirnáisiúnta. Ní mór na bearta atá ann chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe, an t-éilliú agus an sciúradh airgid a neartú gan mhoill.
Diúltaímid glan, áfach, leis na leasuithe agus moltaí sin a bhaineann le comhbhonn cánach corparáide comhdhlúite a thabhairt isteach agus iad siúd a bhaineann le dul i dtreo córais cánach comhchuibhithe.
Is inniúlacht náisiúnta iad cúrsaí cánach agus ní mór don Choimisiún Eorpach agus do Pharlaimint na hEorpa meas a bheith acu ar sin. Faoin bprótacal breise maidir le himní phobal na hÉireann i dtaca le cúrsaí cánach faoi Chonradh Liospóin tugtar aitheantas d’inniúlacht na mBallstát sa mhéid a bhaineann le cúrsaí cánach."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples