Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-07-04-Speech-4-111-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130704.10.4-111-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, gan dabht is ábhar an-tábhachtach é seo go háirithe maidir le daoine a bhíonn ag taisteal agus b’fhéidir gan aon ghaolta nó aon chairde acu mar gur féidir leo glaoch ar an uimhir 112 má bhíonn siad i ndainséar. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó aird dírithe ar an uimhir seo.
Fáiltím roimh an méid a dúirt an Coimisinéir Hahn faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige, agus a bheidh á ndéanamh aige amach anseo, chun níos mó aird a dhíriú ar an uimhir 112. Tá sé sin an-tábhachtach.
Freisin, mar a dúirt Fiona Hall, caithfimid é a leathnú amach i dtreo is go bhfreastalóidh sé ar na daoine a bhfuil máchail orthu, go háirithe na daoine atá bodhar. Sin pointe an-tábhachtach.
An pointe a rinne Hannu Takkula: tá súil go mbeidh an tseirbhís ar fáil sna príomhtheangacha – Béarla, Fraincis agus Gearmáinis – agus b’fhéidir é a leathnú amach go dtí na teangacha eile níos déanaí."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples