Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-06-13-Speech-4-400-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130613.39.4-400-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ní hé seo an chéad uair go bhfuilimid ag caint faoin Rúis, agus ní nach ionadh. Gan amhras, tá amhras ar a lán daoine nach bhfuil rudaí mar go mba chóir dóibh a bheith taobh istigh den Rúis, go háirithe a mhéid agus a bhaineann sé leis an Uasal Putin agus a chomhghleacaithe. Níl mórán measa acu ar shaoirsí na saoránach ná ar chearta sibhialta. Go háirithe, níl ciall dá laghad a bheith ag glaoch gníomhartha eachtracha ar ghluaiseachtaí idirnáisiúnta mór le rá. Dá bhrí sin, caithimidne san Aontas Eorpach a bheith i bhfad níos láidre agus i bhfad níos déine leo. Cé gur cheart dúinn dul ar aghaidh ag caint leo, ba chóir dúinn tús áite a thabhairt do shaoirsí na saoránach, do chearta sibhialta, do thoghcháin oscailte féaráilte agus, mar a dúirt an tUasal Posselt, do chaighdeáin mhorálta."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples