Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2012-12-11-Speech-2-455-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20121211.30.2-455-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Mar gheall ar an éiginnteacht a bhain le dúsháinn an bhuiséid agus an tábhacht a bhaineann le Buiséad 2013, go háirithe i gcomhthéacs an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile, fearaim fáilte fhaichilleach roimh an gcomhaontú a baineadh amach.
Is cúis aiféala, áfach, go mbeidh na híocaíochtaí a bheidh á dtabhairt níos ísle ná mar a bheidh ag teastáil. Is i lán-fhios an easnaimh sin a glacadh an cinneadh. Bhí an chuma ar na scéal i 2012 gurb iad na cláir sin a théann chun leasa mhuintir na hEorpa, cosúil le Erasmus agus cláir struchtúracha, is mó a bhí buailte ag an easnamh.
Níl sé ceart nó cóir go bhfuil na Ballstáit ag cinneadh ar chláir Eorpacha a leathnú ach ag an am céanna go mbaineann siad díobh an maoiniú agus na cláir ag teacht chun deiridh. Tá pobail agus muintir na hEorpa ag brath i gcónaí ar na cláir sin agus is náireach é éiginnteacht na gceannairí Eorpacha. Beidh iarmhairt ar chúrsaí na bliana seo chugainn ag an gcinneadh gan ach dhá thrian de na billí a íoc i mbliana agus tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil á dhéanamh ach cinntí deacra maidir le buiséid Eorpacha a chur ar an méar fhada."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples