Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2007-02-12-Speech-1-170"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
lpv:document identification number |
"en.20070212.16.1-170"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spokenAs | |
lpv:translated text |
"A Uachtaráin, maidir leis na rialacha seo atá curtha i dtoll a chéile ag an Aontas Eorpach, ceapaimse nach raibh go leor machnaimh ag baint leo, mar nach mbaineann siad ach leis na seacht mBallstát is fiche san Aontas - agus sin an fhadhb. Dúit an Coimisinéir Barrot ansin go mbaineann siad leis an iompar trasatlantach, ach má eitlíonn duine ó Nua Eabhrac go hAerfort na Sionainne in Éirinn beidh an té sin in ann a gcuid buidéal dí agus a gcumhráin a cheannaigh siad i siopa saor ó dhleacht i Nua Eabhrac a iompar abhaile leo. Ach má eitlíonn an duine sin ó Nua Eabhrac trí Aerfort Londain agus ansin ar aghaidh go dtí an tSionainn bainfear uathu i Londain na buidéil a cheannaigh siad saor ó dhleacht i Nua Eabhrac. Níl an córas ag obair.
Glacann Aerfort Frankfurt seilbh ar fhiche tonna leacht saor ó dhleacht chuile sheachtain, agus tógann Aerfort Schiphol in Amsterdam 1 600 lítear leacht saor ó dhleacht chuile lá. Tá sé dochreidte. Caithfidh an tAontas Eorpach socrú a dhéanamh le hAerfoirt lasmuigh den Aontas chun an córas slándála céanna a chur i bhfeidhm. Agus d'fhéadfadh an tAontas é seo a dhéanamh trí athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha seo gan mhoill. Ba chóir don Aontas socrú a dhéanamh láithreach le Meiriceá, le Ceanada agus leis an Astráil, mar shampla, chun na rialacha slándála céanna a chur i bhfeidhm agus an córas a chur ina cheart."@en1
|
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples