Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-07-06-Speech-4-107-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20170706.10.4-107-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, is í an Eiritré an tír is measa ar domhan ó thaobh cearta daonna de agus tá sé ag éirí níos measa de réir na bliana. Tá gach saghas éagóir ar siúl ann, go háirithe le mná agus leanaí agus ní nach ionadh go bhfuil daoine ag teitheadh ón dtír. Tá 400,000 duine tar éis an tír a fhágáil. Freisin, maidir le Dawit Isaak, gabhadh é in 2001. An bhfuil sé beo? Níl a fhios againn, ach tá sé de dhualgas ar an rialtas insint dá chlann agus do chuile dhuine mar gheall air. Freisin mar gheall ar an Patrarc Antonios. Tá sé i bpríosún ó 2007 in áit anaithnid agus deirtear nach bhfuil cóir leighis ar fáil aige.
Dá bhrí sin is dóigh liom gur cheart dúinne gan aon airgead a thabhairt don Eiritré. Táimid ag tabhairt €200 milliún dóibh agus is dóigh liom gur cheart cosc a chur air sin go dtí go bhfaighimid freagra ar na ceisteanna seo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples