Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-07-04-Speech-2-718-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20170704.41.2-718-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, Is iad tosaíochtaí lárnacha do Bhuiséad 2018 ná cruthú fás eacnamaíochta inbhuanaithe; poist mhaithe, chobhsaí agus d’ardchaighdeán; comhtháthú socheacnamaíochta; an imirce agus ár ndualgais dhaonnúla; mar aon le aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide.
Is ceart bunúsach é an imeascadh sóisialta i gcomthéacs an chruacháis ina bhfuil go leor inimirceach agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu agus acmhainní mar ba chuí a chur ar fáil i mBuiséad 2018.
Mar aon leis sin, tá gá bearta sonracha a thacaíonn leis na réigiúin, go háirithe in Éirinn, tír a bheidh curtha uirthi go dona de dheasca scoir na Breataine ón Aontas Eorpach.
Theip ar an EFSI an bhearna infheistíochta a líonadh ar fud AE. Ba cheart plean infheistíochta poiblí uaillmhianach a chur i bhfeidhm ar fud fad AE chun cabhrú le hinfheistíocht straitéiseach agus struchtúrtha, a sholáthróidh ardleibhéal breisluach sa gheilleagar, san earnáil phoiblí, sa chomhshaol agus sa tsochaí go ginearálta.
Déanfadsa, agus mo comhghleacaithe i Sinn Féin, diúltú láidir d’aon iarrachtaí acmhainní a chur i dtreo míleatú AE nó do thaighde cosanta thar ceann AE. Ní hionann AE agus NATO, agus seasfaimid go láidir i gcoinne aon leathnú amach ar an gcomhghuaillíocht sa chomhthéacs Eorpach.
Ba chóir go dtabharfadh Buiséad 2018 aire do dhaoine atá faoi bhrú in ionad féiríní a thabhairt do chuideachtaí ollmhóra nó arm ollmhór a chruthú ar mhaithe le lucht an rachmais. Caithfimid a bheith réadúil mar gheall air seo agus aghaidh a thabhairt ar na daoine go bhfuil géarghá acu leis."@en1
|
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples