Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-06-13-Speech-2-268-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20170613.23.2-268-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, vótáil mé i bhfabhar na tuarascála seo agus bhí sé suimiúil a bheith ag éisteacht leis an Uasal Tamburrano nuair a bhí sé ag caint. Mhol sé a bhean chéile agus is dócha gur féidir a rá gur féidir linn tionchar na mban a fheiscint sna moltaí seo mar tá siad praiticiúil.
Ar dtús nuair a fhéachaimid ar an tseanscéim a bhí againn, A, A+, agus A++, chuir sé meascán mearaí ar chustaiméirí. Chonaic na mná, go háirithe mná céile, é sin agus tá athrú tagtha anois. Tá scéim i bhfad níos ciallmhaire againn, grád ag dul ó A go G agus dathanna éagsúla ag gabháil leo freisin, a chabhraíonn leis na custaiméirí a n-aigne a dhéanamh suas, a gcuid astaíochtaí a laghdú agus airgead a shábháil dóibh féin i ndeireadh na dála. Dá bhrí sin, is scéim phraiticiúil chiallmhar é seo agus molaim gach duine a bhí páirteach ann."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples