Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-03-14-Speech-2-808-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170314.39.2-808-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, bhíomar ag gearán sa Pharlaimint seo faoi seo agus faoi siúd ach i gcomparáid leis na tíortha seo, níl móran le bheith ag gearán againn faoi. Sna tíortha seo a leanas: an Nigéir, an tSomáil, deisceart na Súdáine agus an Éimin, tá sé scannalach sa lá atá inniu ann go bhfuil an méid sin daoine i mbaol báis de bharr ocrais agus gorta agus níor cheart an milleán a chur ar an Aontas mar tá an tAontas seo ag déanamh níos mó chun cabhrú leis na tíortha sin ná aon aonad nó tír eile ar domhan. Agus ní aontaím freisin mar a dúirt daoine ón eite chlé go gcuirfí an milleán ar chomhlachtaí móra domhanda, an Banc Domhanda, an IMF agus mar sin de. Níl siad gan locht ach tá sé soiléir gurb iad na cúiseanna is mó le daoine a bheith ag fáil bháis ná cogaí inmheánacha sna tíortha sin, cogaí cathracha, drochrialtais agus athrú aeráide. Cabhróidh COP 21 leis na fadbhanna a bhaineann le hathrú aeráide a shocrú amach anseo agus caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun rialtas buanseasmhach féaráilte a chur ar bun sna tíortha sin."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph