Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-12-15-Speech-4-401-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20161215.28.4-401-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, i mo thír féin nuair a dhéantar tagairt d’UCC, is é an rud a bhíonn i gceist acu ná Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ach dar ndóigh, san Aontas is é Cód Custaim na hEorpa atá i gceist againn. Agus ós rud é go bhfuil sé ann le fada, agus go bhfuil an saol ag athrú go han-tapaidh, an teicneolaíocht ag bualadh ar aghaidh, tá sé de cheart ag an gCoimisiún féachaint ar na rialacha agus iad a leasú, agus go háirithe chun a chinntiú go mbeidh sé níos éasca ag meánfhiontair agus fiontair bheaga gnó a dhéanamh agus tá sin an-tábhachtach. Agus chun é sin a dhéanamh beidh gá le malartú eolais, comhoibriú, rialacha soiléire agus go háirithe na modhanna oibre ceannann céanna i ngach tír. Freisin táimid ag caint gach uile lá faoi ‘Brexit’ agus nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAontas, an bhfágfaidh siad an tAontas Custaim chomh maith? Má dhéanann, déanfaidh sin dochar mór do mo thír féin, Éire. Beidh sé níos costasaí an trádáil atá ar siúl gach uile lá idir Éire agus an Bhreatain agus níos measa fós, trádáil idir deisceart agus tuaisceart na hÉireann. Dá bhrí sin caithfimid súil ghéar a choimeád ar na pointí sin agus tá súil agam go n-oibreoidh siad dár leas. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom, cosúil leis na feisirí eile, Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise a bhronnadh ar chách."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph