Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-11-30-Speech-1-027-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20161130.11.1-027-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an dá rapóirtéir, an tUasal Tarand agus an tUasal Geier, as an obair fhónta atá déanta acu. Tá an-díomá orm, caithfidh mé a rá, faoin gcomhaontú maidir le comhréitigh Bhuiséad an Aontais Eorpaigh 2017. Tá rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh tar éis faillí a dhéanamh ar na daoine – iad siúd atá i gcruachás, an ghéarchéim dhaonnúil agus caighdeáin shóisialta níos lú ná riamh. Agus is í an teachtaireacht atá ag teacht ón gComhairle ná Buiséad 2017 a chur chun tosaigh, cé gurb é sin an buiséad is ísle i dtaobh an tsealbhaithe íocaíochtaí le blianta fada. Bhí réiteach eile le haimsiú. Bhí bealach eile atá féaráilte le haimsiú. Ach is easpa tola atá léirithe arís agus arís eile. Cuirim i gcuimhne don gComhairle agus don gCoimisiún an fhreagracht a dúirt siad a bhí ar intinn acu chun an easpa comhionannais idir na tíortha agus Ballstáit a ísliú. Níl go leor infheistíochta san Eoraip; tá seirbhísí pobail ag fulaingt agus is iad an pobal a bhíonn i gcruachás dá bharr. Cá bhfuil an tiomantas agus an gealltanas a léirigh an Chomhairle i dtaobh fostaíocht a chruthú? Cá bhfuil an gealltanas i dtaobh ár ndaoine óga? Cá bhfuil an gealltanas i dtaobh tacú lenár ? Tá an oiread sin dúshláin mar phráinn ag bagairt orainn agus tá an t-am tar éis sleamhnú chun déileáil leis seo go réadúil. Táimse ag rá leat go mbeidh praghas i bhfad níos mó le híoc againn sa todhchaí, de bharr an easpa físe agus an easpa tola agus gan treoir éifeachtach agus treoir pholaitiúil a bheith ann ar son na ndaoine. Tá ár bhfeirmeoirí, ár n-iascairí, ár n-aeráid, ár dtodhchaí ag brath ar an infheistíocht seo. Agus táim ag glaoch oraibhse anois seasamh le chéile agus seasamh dlúthpháirtíochta a thógaint ar son mhuintir na hEorpa uile."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph