Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-11-22-Speech-2-803-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20161122.38.2-803-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cuirim an-fháilte roimh an rún tábhachtach seo agus mo bhuíochas le Helga Stevens as ucht é seo a thabhairt chun solais. Tá sé thar a bheith in am dúinn dul chun cinn le haitheantas agus comhionannas a bhaint amach dár gcearta teanga san Eoraip agus inár mBallstáit féin. Cuireann an rún seo na háiseanna ríthábhachtacha atá riachtanach don phobal bodhar san áireamh agus is maith an rud é sin. In Éirinn le déanaí, chuaigh bille tríd an Seanad a thug aitheantas do ISL, an teanga chomharthaíochta atá againn sa bhaile, agus tá sé práinneach aitheantas iomlán a thabhairt do phobal na mbodhar anois. Comh maith le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta na nDaoine faoi Mhíchumas a dhaingniú in Éirinn, táim ag seasamh go láidir ar son aitheantas do ISL a fháil ó stát na hÉireann. Tá an deis agus an dualgas orainne mar Fheisirí Eorpacha teacht le chéile chun comhoibriú ar son cearta teanga agus comhionannas do gach éinne. Agus arís, mo mhíle buíochas le Helga as ucht é seo a thabhairt chun solais. Caithfimid, mar a deirim, seasamh i dteannta a chéile chun na cearta seo a aithint."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph