Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-10-25-Speech-2-760-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20161025.51.2-760-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, mo bhuíochas leis an mbeirt rapóirtéirí chomh maith. Táimíd ag glaoch ar an gComhairle éisteacht leis an méid atá á rá sa teach seo le tamall fada anois. Cé go dtuigimid na dúshláin nua, ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar an ngéarghá lenar dtosaíochtaí a neartú; is iad sin cruthú fostaíochta agus fás, infheistíocht phoiblí, tiomantas i dtaobh chuspóirí COP 21 agus aire a thabhairt do na glúine atá romhainn. Deirtear go minic go bhfuil an Eoraip ag druidim i dtreo atá níos sóisialaí agus níos forchéimnithí. Ach is léir nach bhfuil. Tacaím leis an bplean chun cur le COSME, taighde agus fostaíocht don aos óg. Fós deir an Chomhairle go bhfuil an t-aos óg mar thosaíocht, ach níl aon mhaoiniú curtha ar fáil acu. Táim ag glaoch ar an gComhairle a seasamh a athrú maidir leis an EMFF a ghearradh. Tá go leor ciorruithe déanta acu ar an EMFF cheana féin, agus tá ár bpobail cois cósta ag fáil bháis agus brostóidh na ciorruithe seo lena mbás. Tuigeann gach éinne anseo gur dhíoladar ár bpobal iascaireachta mar phraghas ar bhallraíocht in AE. Ba cheart é seo a aithint, agus cúram agus tacaíocht a chur ar fáil don earnáil agus do na pobail. Táim ag glaoch ar an gComhairle na ciorruithe seo a chealú agus gach uirlis gur féidir a úsáid le dul i ngleic leis na riachtanais éagsúla. Ba chóir do na rialtais aitheantas a thabhairt don ghá a bhaineann le hinfheistíocht phoiblí, le cruthú fostaíochta, agus le tacú lenar gcomhlachtaí beaga. Ba chóir don gComhairle dul i ngleic leis na drochimpleachtaí atá agus a bheidh ag an mBreatimeacht. Ba chóir don gComhairle tacú leis an bpróiseas Síochána in Éirinn, agus le Comhaontú Aoine an Chéasta, atá anois faoi bhrú de dheasca an Bhreatimeachta. Is deis é seo dóibh seasamh i ndlúthpháirtíocht ar son síochána, cobhsaíochta agus forbairt eacnamaíochta."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph