Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-07-04-Speech-1-205-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160704.17.1-205-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, táimse i mo bhall de Choiste INTA agus táim ar an gcoiste sin d’aon ghnó. Blianta ó shin ní raibh mórán éilimh ar an gcoiste sin ach anois tá fonn ar a lán Feisirí a bheith ar an gcoiste toisc an tábhacht a thuigimid a bhaineann leis an straitéis a bhaineann le trádáil. Tá sé simplí; más féidir le tíortha níos mó trádála a bheith acu le tíortha eile beidh níos mó easpórtála, beidh níos mó jabanna agus beidh níos mó airgid ann. Dá bhrí sin táim i bhfabhar na gcomhaontuithe saorthrádála atá againn. Chríochnaíomar ceann le Vítneam roimh Nollaig – bhíos ann – agus bhí ríméid orthu faoi agus cabhróidh sé leo agus linn. Luadh an comhaontú a bhí againn leis an gCóiré. Ach dar ndóigh tá sé tábhachtach go leanfaimid ar aghaidh agus go dtabharfaimid cead don Choimisiún leanúint ar aghaidh taobh istigh den straitéis atá againn go háirithe mar a bhaineann le cearta sibhialta, sóisialta agus comhshaoil. Go leana sibh ar aghaidh leis na comhaontuithe agus na hidirbheartaíochtaí go léir."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph