Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-06-23-Speech-2-210-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160623.36.2-210-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo mar a rinne an chuid is mó de na Feisirí – 80% díobh, 444 i bhfabhar agus 103 i gcoinne. Taispeánann sé sin go bhfuil na Feisirí sa Pharlaimint dáiríre faoin sprioc atá romhainn anois tar éis COP 21 i bPáras – mar a rabhas féin páirteach ar son na Parlaiminte roimh an Nollaig.
Dar ndóigh, tá seans iontach againn fuinneamh in-athnuaite a chur ar fáil trasna na hEorpa go léir mar a dúirt Uachtarán an Choimisiúin Juncker ag tosach a thréimhse agus caithfimid ceannasaíocht a thabhairt faoi sin. Go háirithe tá seans againn níos mó a dhéanamh maidir le taighde, taighde atá á dhéanamh i mo cheantar féin in Ionad Taighde Beaufort i Rinn an Scidígh i gCorcaigh, maidir le taoide, maidir le tuilte agus maidir le gaoth ar an bhfarraige. Déanfaidh sé sin an-difríocht nuair a bheidh an teicneolaíocht sin againn."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples