Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-06-22-Speech-1-224-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160622.22.1-224-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ar an gcéad dul síos cuirim fáilte roimh ghnéithe áirithe den tuarascáil seo, go háirithe an tagairt do chiorruithe san oideachas mar aon le moltaí chun coinníollacha oibre do mhúinteoirí a fheabhsú.
É sin ráite, ceann de na gnéithe atáim buartha mar gheall air ná an tagairt d’iasachtaí do scoláirí. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh airgead ar fáil ar ndóigh do scoláirí maidir lena gcuid staidéar ach ní dóigh liom gur chóir a bheith ag cur ualach trom iasachtaí airgid ar ár scoláirí agus iad ag tosú amach ar a saol proifisiúnta tar éis dóibh coláiste a chríochnú.
Tá sé riachtanach go mbeadh scéim níos fearr againn maidir le scoláireachtaí agus deontais chun tacú le scoláirí agus iad i mbun a gcuid staidéar agus iad ag freastal ar an tríú leibhéal. Tá taiscí do chóiríocht, cíos, bia, leabhair agus ábhar ar chuid de na costais atá i gceist maidir le cur chun cinn an oideachais. Agus tá an táille chlárúcháin de EUR 3 000 in Éirinn in aghaidh na bliana ar cheann de na táillí is airde san Eoraip. Bíonn amanna ann a mbíonn ar scoláirí cinneadh a dhéanamh idir bia a cheannach agus iad féin a chothú nó ábhair agus leabhair ar chúrsaí atá riachtanach dá gcuid oideachais a cheannach. Mar sin, tá sé suas chugainne mar reachtóirí rochtain ar oideachas a chinntiú do gach duine agus ní díreach dóibh siúd a bhfuil an cumas airgid acu."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples