Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-04-27-Speech-1-090-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160427.16.1-090-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh leis an Uasal Pirinski as an tuarascáil a chuir sé le chéile. Tá sár-obair déanta aige air. Caithfear féachaint ar an tslí ina ndéantar measúnú ar obair an BEI i gcomhthéacs na n-institiúidí idir-rialtasacha agus mholfainn go dtabharfadh an BEI aird faoi leith ar an leibhéal bochtanais atá againn, agus ar an dífhostaíocht agus míchothromaíocht atá ag méadú. Táim ag impí orthu straitéis réadúil a chur i bhfeidhm láithreach a chuirfidh infheistíocht i dtograí a bhfuil tionchar sóisialta agus eacnamaíochta acu, mar thosaíocht, agus spreagadh a thabhairt don gheilleagar. In Éirinn, táim ag impí ar an BEI cabhair faoi leith a thabhairt dóibh siúd gan baile, gan dídean. Tuigim gur chuir an BEI billiún euro ar fáil do rialtas na Breataine chun cúnamh a thabhairt dóibh le tithíocht shóisialta. In Éirinn, tá an easpa tithíochta práinneach agus tá seisear daoine nua gach lá cláraithe mar dhaoine gan dídean. An bhliain seo 2016, céad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, ní féidir linn glacadh leis go bhfuil páistí agus leanaí ár dtíre fós gan baile. Mar sin, glaoim arís ar an BEI infheistíocht a chur ar fáil do thithíocht shóisialta ar bhonn daonnúlachta agus, níos tábhachtaí fós, an fhreagracht sin a bhrú ar rialtas na hÉireann."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph