Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-03-10-Speech-4-386-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160310.29.4-386-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, arís vótáil mé le mo ghrúpa sna vótaí anseo go léir a bhaineann le Montainéagró agus is dóigh liom nach raibh sin ródheacair mar tá ciall ag baint leo. Freisin caithfimid a rá go bhfuil an dul chun cinn á dhéanamh ag Montainéagró ar a lán slite agus tá súil agam go n-éireoidh leo a bheith ina mBallstát iomlán den Aontas Eorpach lá éigin, go luath amach anseo. Ach ag an am céanna, caithfimid a rá gur maith an rud é go bhfuil tíortha ag iarraidh teacht isteach san Aontas nuair atá an Bhreatain ag caint faoin Aontas a fhágáil, agus is maith seo, go bhfuil tíortha ag iarraidh teacht isteach. Ach ag an am céanna tá a lán dul chun cinn le déanamh acu, go háirithe mar a bhaineann le cearta sibhialta agus cearta daonna cosúil le foréigean i gcoinne na mban. Níl aon chiall leis sin agus ní féidir linn cur suas leis, agus caithfidh siad é sin a cheartú sula dtiocfaidh siad isteach. Freisin fostaíocht, go háirithe na daoine óga agus troid i gcoinne an bhochtanais, ach is féidir linn cabhrú leo, agus lá éigin go luath, le cúnamh Dé, beidh siad ina mBallstát den Aontas Eorpach."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples