Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-12-14-Speech-1-255-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20151214.19.1-255-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tá na stoirmeacha tar éis an t-uafás damáiste a dhéanamh ar fud na hÉireann agus ba mhaith liom tréaslú leis na seirbhísí slándála mar aon le gnáthphobal na tíre agus an obair iontach atá ar bun acu ag déileáil leis na stoirmeacha. Gan an mheitheal seo de dhaoine ag cabhrú lena chéile, bheadh cúrsaí i bhfad níos measa ar ndóigh. Caithfear mar sin féin úsáid a bhaint as an gciste dlúthpháirtíochta maidir leis an Aontas Eorpach agus caithfidh siad tacú le daoine atá i gcruachás de dheascaibh na stoirme – daoine go bhfuil a dteaghlaigh, a gcuid feirmeacha agus gnónna scriosta – agus tá dualgas anois orainn an ciste seo a chur ar fáil láithreach d’Éirinn. Tá an damáiste seo ag tarlú ní hamháin mar gheall ar an athrú aeráide ach mar thoradh ar dhrochphleanáil ar an gcéad dul síos; easpa cosanta in aghaidh stoirmeacha agus easpa pleanála straitéisí is cúis leis seo. Tá an t-eolas seo ag na húdaráis áitiúla le fada an lá agus tá sé mícheart go huile agus go hiomlán nach bhfuil plean réadúil curtha i bhfeidhm acu chun a chinntiú go mbeidh teorainn ar an saghas seo damáiste. Ní hamháin go scriosann sé saol daoine ach tá costas fadtéarmach ag gabháil leis. Agus níl sé maith go leor go ndeir an Taoiseach, Enda Kenny, nach tosaíocht é an t-athrú aeráide do rialtas na hÉireann. Caithfear aghaidh a thabhairt air seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph