Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-11-24-Speech-2-322-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20151124.20.2-322-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, vótáil mé i bhfabhar na tuarascála seo mar is tuarascáil an-tábhachtach í. Táimid ag caint faoi leanaí óga agus iad i mbochtanas agus téann sé sin i gcoinne geallúintí a tugadh do leanaí óga i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe agus caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi.
Dar ndóigh, nuair a bhíonn leanaí bocht, ní féidir leo aon rud a bheith acu. Agus gach rud a ghabhann le bochtanas, cuireann sé isteach orthu: easpa bia, easpa tithíochta, easpa seirbhísí sláinte, easpa seirbhísí oideachais agus fiú amháin gan seans a bheith acu súgradh agus cluichí a imirt.
Ós rud é go bhfuil an tAontas Eorpach ar cheann de na réigiúin is saibhre ar domhan caithfimid a bheith an-fheargach i ndáiríre faoi seo; níl aon chiall leis. B’fhéidir go raibh leithscéal againn i rith an chúlaithe eacnamaíochta, ach ós rud é go bhfuil an geilleagar ag fás anois caithfimid díriú air seo go práinneach, agus gach seans a thabhairt do leanaí óga saol maith a bheith acu. Baineann sé seo le mo thír féin agus leis na tíortha eile san Aontas."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples