Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-11-11-Speech-1-244-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20151111.22.1-244-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ba mhaith liom a rá leis an gCoimisinéir go gcaithfimid an fód a sheasamh ar son na dlúthpháirtíochta. Caithfear feabhas a chur air, agus cur chuige atá coitianta agus comhtháite a ghlacadh chun tacaíocht a thabhairt do chabhair dhaonnúil agus chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas síochána agus forbairt inbhuanaithe taobh istigh de fhrámaíocht atá trédhearcach agus cuntasach. Cé go gcuirimid fáilte roimh an tsolúbthacht agus an éifeachtúlacht, tá na cistí iontaobhais fós róbheag chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá agus ar an bpráinn atá ann faoi láthair maidir le cobhsaíocht agus cabhair dhaonnúil do thíortha ar nós an tSiria, an Tuirc, srl, mar aon le réigiúin san Afraic ar an dtaobh eile. Is cosúil amanna go bhfuilimid ag infheistiú níos mó i dtroscán sa tigh seo seachas i ndaoine. Caithfear tosaíocht a thabhairt do chiste iontaobhais don Afraic ar bhonn daonnachta. Buiséad an AE is ea príomhdheontóir den chiste iontaobhais. Tá sé riachtanach – laistigh dá inniúlachtaí – go gcinnteoidh an Coimisiún go mbeidh Ard-Stiúrthóir an Mhéadaithe freagrach agus go dtiocfaidh an stiúrthóir sin os comhair Pharlaimint na hEorpa chun ceisteanna ar an straitéis fhoriomlán maidir le cistí iontaobhais an AE a fhreagairt. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a sheachadadh ar an gcabhair dhaonnúil, ar fhorbairt shóisialta, ar an tionchar eacnamaíoch agus ar chobhsú na dtionscadal maidir le maoiniú na gcistí iontaobhais sna réigiúin. Ba chóir go mbeadh eolas iomlán tabhartha maidir leis na heintitis atá freagrach as na tionscadail a chur chun cinn agus a chinntiú go bhfuil comhlíonadh iomlán ann le rialacha airgeadais an AE. Tá sé tábhachtach go gcuirfí feabhas ar ionstraimí airgeadais ionas go mbeidh i bhfad níos mó solúbthachta ann agus go mbeidh siad níos éifeachtaí i mBuiséad an AE. Tá sé riachtanach a chinntiú gur próiseas trédhearcach agus daonlathach a bheidh i gceist."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph