Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-07-09-Speech-4-568-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150709.32.4-568-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, vótáil mé i bhfabhar na tuarascála seo agus dar ndóigh caithfidh mé an-mholadh a thabhairt don rapóirtéir, Ivo Belet, agus a chomhghleacaithe a rinne an-jab teacht ar réiteach ag deireadh an lae. Ní raibh sé ró-fhuirist, ach d’éirigh leo é a dhéanamh; agus glacadh leis sa Pharlaimint.
Maidir leis an dáta, beidh athrú ar an gcóras ETS. Bhí daoine ag rá gur ceart é a dhéanamh chomh luath agus is féidir, agus bhí daoine ag rá nach ceart a dhéanamh go dtí 2021. Is dócha go bhfuil an comhréiteach 2019 sásúil. Déanfaidh sé sin difríocht mhaith, go háirithe nuair a chuimhnímid go bhfuil an cruinniú ollmhór ag teacht suas i bPáras ag deireadh na bliana seo, agus ba chóir go gcabhródh sé linn teacht ar réiteach domhanda. Sin é an focal is tábhachtaí: teacht ar réiteach domhanda maidir le hathrú aeráide. Beidh sé sin an-tábhachtach."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples