Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-24-Speech-1-103-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150624.19.1-103-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, aontaím agus aithním go bhfuil gá ann d’infheistíocht, ach caithfimid béim a chuir ar infheistíocht phoiblí. Ní hé sin atá sa phlean seo; a mhalairt atá i gceist. Ní théann sé fada a dhóthain agus ní sholáthraíonn sé aon infheistíocht don earnáil phoiblí. An sprioc atá leis ná príobháidiú de réimsí tábhachtacha a neartú. Beidh tionchar damáisteach aige seo ar na daoine agus na tíortha is boichte inár sochaí. Ní chreidim go ndearnadh go leor iniúchta maidir leis an tionchar a bheas aige ar ghnáthshaoránaigh na hEorpa. Mar aon leis sin, samhlaím go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh soiléireacht agus cuntasacht ag croílár an phlean seo – ach níl ar ndóigh. Creidim go gcaithfidh sé a bheith soiléir an tslí go ndéantar na cinntí agus ba chóir monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar éifeacht na hinfheistíochta. É sin ráite, is dócha gur céim dhearfach é go pointe go bhfuil cinneadh déanta gan an EUR 500 milliún a thógaint ón nuálaíocht agus taighde. Cuirim fáilte roimhe seo. Chuireas féin chun tosaigh leasuithe maithe a chinnteoidh go mbeidh maoiniú agus infheistíocht ar fáil le haghaidh fiontair shóisialta agus comharchumainn. Agus tá siad sin, mar is eol dúinn ar fad, mar chroílár d’aon phobal; tá siad thar a bheith tábhachtach do gach geilleagar áitiúil. Impím ar gach duine tacú leis sin. Ní hé go bhfuilimid i gcoinne infheistíochta; táimid ar fad i bhfabhar infheistíochta. Ach caithfimid féachaint ar an bplean seo mar go dtugann sé tosaíocht do phríobháidiú agus sin é an rud atáimid in aghaidh."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph