Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-10-Speech-3-753-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150610.36.3-753-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá sé an-náireach cad atá ag titim amach san Asarbaiseáin agus tá sé thar a bheith tábhachtach go gcáintear é.
Le tacaíocht chorparáideach ón dtionscal ola agus gan mórán baol pionóis, tá an réimeas san Asarbaiseáin ag leanúint ar aghaidh lena ionsaithe ar chearta an duine. Tá siad ag cur gníomhaígh pholaitiúla agus gníomhaígh ar son chearta an duine, iriseoirí agus acadóirí ina measc, sa phríosún. Tá sé soiléir go bhfuilid ag déanamh iarracht ar shaoirse cainte a ghiorrú agus an freasúra a scriosadh.
I súile an réimis, tabharfaidh na cluichí dlisteanacht dá gcuid gníomhaíochtaí agus tuairimí frith-dhaonlathacha. Tá sé scannalach nár bhris an Coiste Oilimpeach Eorpach an ciúnas go dtí seo. Ní féidir linn glacadh leis seo, agus tá sé práinneach go dtabharfaimis tosaíocht don mhéid atá ag titim amach san Asarbaiseáin.
Ba mhaith liom an deis seo a thógaint inniu chun rialtas na hAsarbaiseáine a cháineadh go láidir de dheascaibh an chinnidh a ghlacadar chun cosc a chur ar
cuairt a thabhairt ar an Asarbaiseáin roimh na cluichí. Ba chóir dóibh náire a bheith orthu leo féin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples