Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-10-Speech-3-324-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150610.24.3-324-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, gan dabht ar bith tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh straitéis éifeachtach againn maidir le slándáil fuinnimh a chothú san Aontas. Ní gá dúinn ach féachaint ar na figiúirí: iompórtálaimid 53% den fhuinneamh a úsáidimid; iompórtálaimid 66% den ghás agus 90% den ola. Mar a dúradh sa díospóireacht dheireanach, tagann a lán den fhuinneamh ó thíortha nach féidir brath orthu, cosúil leis an Rúis. Dá bhrí sin, caithfimid féachaint ar thíortha eile agus, go háirithe, úsáid a bhaint as rudaí cosúil le LNG (gás nádúrtha leachtaithe) chun gás a thabhairt isteach ó thíortha timpeall an domhain ar fad.
D’fhéadfaimis i bhfad níos mó a dhéanamh freisin maidir le fuinneamh a athnuachan, gaoth, grian, taoidí agus tonnta ach go háirithe. Tá taighde ar siúl, go háirithe i mo thír féin, a dhéanfaidh na cineálacha fuinnimh seo i bhfad níos éifeachtaí agus níos saoire amach anseo de bharr na teicneolaíochta nua a thiocfaidh as an taighde sin. Dá bhrí sin, feabhsóidh rudaí de réir a chéile."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples