Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-05-19-Speech-2-361-750"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150519.32.2-361-750"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Is iomaí rud dearfach atá le fáil sa tuarascáil seo, cosúil leis an tslí a n-iarrtar ar na tíortha is saibhre níos mó airgid a thabhairt don fhorbairt, agus an gá atá ann do níos mó soiléireachta laistigh de Bhuiséad na hEorpa maidir le maoiniú don fhorbairt. Ba chóir fáilte a chur roimh na rudaí seo.
É sin ráite, an rud is tábhachtaí faoi i mo thuairimse ná go bhfuil béim faoi leith curtha ar mhná agus ar an mbaint thábhachtach atá acu leis an bhforbairt. Tugann an tuarascáil seo tacaíocht don chomhionannas inscne. Cuireann sé togra chun tosaigh a iarrann go mbeadh an comhionannas inscne i gcroílár gníomhaíochtaí forbartha. Is é sin béim faoi leith a chur ar infheistíocht i réimsí tábhachtacha cosúil le sláinte agus oideachas mar shampla.
Déantar tagairt freisin don aird ba chóir a dhíriú ar shláinte gnéis agus atáirgthe. Cludaíonn sé seo réimse leathan rudaí cosúil le cúram réamhbhreithe agus iarbhreithe, frithghiniúint agus galair ghnéas-tarchurtha – rudaí atá thar a bheith tábhachtach.
Mar gheall ar na rudaí thuasluaite chaith mé vóta i bhfabhar na tuarascála seo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples