Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-03-12-Speech-4-439-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150312.33.4-439-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, arís vótáil mé le mo ghrúpa ins na moltaí go léir anseo agus arís, mar a fheicim, bhí tagairt ann do ghinmhilleadh a bheith ar fáil go forleathan. Tá sé beagnach i ngach aon tuarascáil anois agus ní dóigh liom gur ceart é sin.
Taobh amuigh de sin tá a lán moltaí maithe anseo agus caithfimid obair orthu, go háirithe chun cothromaíocht a thabhairt do mhná ach go háirithe. Tá sé an-tábhachtach, ní hamháin san Eoraip ach trasna an domhain, go mbeadh cothromaíocht idir mná agus fir agus níl aon chúis in aon chor nach mbeadh sé sin timpeall an domhain uilig.
Freisin, caithfimid cearta an duine óig a chosaint agus cháineamar ar maidin an cleachtadh sa tSúdáin Theas daoine óg a thógaint agus iad a chur isteach san arm agus gunnaí a thabhairt dóibh agus mar sin de i.e. saighdiúirí óga. Níl sé sin féaráilte ach oiread.
Agus an pointe deireanach, is dóigh liom nach ceart d’aon duine nó aon tír a bheith ar an gComhairle mura nglacann siad cearta sibhialta agus cearta daonna ina dtíortha féin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples