Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-03-11-Speech-3-567-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150311.50.3-567-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tá máistreacht ar an ábhar seo léirithe arís ag an Uasal Brok sa tuarascáil seo agus dar ndóigh nuair a fhéachaimid ar an scéal tá béim i bhfad níos difriúla ar an tuarascáil seo ón Ardionadaí i mbliana ná mar a bhí le cúpla bliain anuas. Tuigimid go bhfuil cúrsaí cosanta agus slándála i bhfad níos tábhachtaí ná mar a cheapamar b’fhéidir agus ní gá dúinn ach féachaint ar cad a tharla i bPáras agus san oirthear – san Úcráin – chun é sin a thuiscint. Agus nuair a théimid isteach i bParlaimint na hEorpa anois, ní póilíní i ngluaisteáin in aice leis an bParlaimint a fheicimid ach saighdiúirí le gunnaí taobh amuigh den Pharlaimint. B’fhéidir nach leor sin ach sin an saol agus caithfimid bheith ar an airdeall mar a dúirt a lán cainteoirí roimis sin agus cinnte b’fhéidir nach n-aontaíonn a lán daoine gur ghá arm Eorpach a bheith againn faoi láthair ach gan dabht ar bith caithfimid labhairt le haon ghuth. Caithfimid bheith aontaithe agus mar a dúirt an Coimisinéir Mogherini, caithfimid obair le chéile. Dúirt sí gurb é sin an eochair chun dul ar aghaidh agus an ceart aici sa mhéid sin. Rud amháin ba mhaith liom a rá freisin, tá dóchas againn tar éis na hóráide breá a thug an Rí Abdulladh II dúinn inné agus má bhíonn gach duine cosúil leis beidh an saol níos fearr."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph