Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-03-11-Speech-3-303-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150311.37.3-303-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, staon mé ón vóta seo cé go n-aithním go bhfuil rudaí maithe sa tuarascáil seo cosúil leis an tslí go luaitear an gá atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
É sin ráite, ní rabhas ábalta tacaíocht a thabhairt dó toisc go gcreidim nach bhfaighimid dea-nuacht ar bith chomh fada is atá an Coimisiún greamaithe sa chreat airgeadais ilbhliantúil atá againn faoi láthair. Tá sé ráite arís is arís eile go bhfuil creat buiséid iomlán difriúil ag teastáil agus go bhfuil athbhreithniú de dhíth. Tá clár infheistithe poiblí láidir uainn, infheistiú a chuirfidh deireadh leis an gcúlú eacnamaíochta; infheistiú a chinnteoidh go dtiocfaidh laghdú ar an mbearna ollmhór atá ann idir na réigiúin is saibhre agus is boichte, agus a chuirfidh le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíochta.
Tá neart plé ann faoi láthair faoi phlean Juncker, agus tá sé thar a bheith tábhachtach go dtugaimid cosaint d’infheistíocht phoiblí agus go gcuirimid stop le príobháidiú earnálacha tábhachtacha cosúil le huisce agus fuinneamh sna Ballstáit. Caithfimid tacaíocht a thabhairt do na gnóthaí beaga agus acmhainní a chur ar fáil do chúrsaí taighde, oideachais agus iascaireachta."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples