Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-02-11-Speech-3-340-734"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150211.48.3-340-734"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Chaith mise vóta i bhfabhar an rúin seo mar go gcuireann sé an chéad chéim cun tosaigh i gcomhair tuarascáil fiosrúcháin a bhunú maidir le cláir de ghéilleadh neamhdhleathach laistigh de na Ballstáit. Mar aon leis sin, faoi dheireadh, is bealach é le níos mó brú a chur ar an gComhairle agus ar Bhallstáit áirithe freagairt a thabhairt ar na héilimh leantacha atá tagtha ón bParlaimint agus mar a leagtar amach i rúin ó 2012 agus 2013 agus sa rún seo.
Ní féidir glacadh le hiarrachtaí atá ar siúl ag tíortha Eorpacha áirithe fiosrúcháin ar threascairtí ar chearta an duine a stopadh. Tá sé sin do-ghlactha.
Le tamall fada anuas anois, bhí agus tá mo pháirtí féin, Sinn Féin, an-ghlórach inár gcáineadh ar an tslí a bhfuil éascú á dhéanamh in Éirinn ar choinneáil rúnda, géilleadh agus ceistiúcháin CIA trí úsáid ár n-aerfoirt intíre i Sionainn. Tá Rialtas na hÉireann ag éascú gníomhaíochtaí neamhdhleathacha de bharr go bhfuil sé ag tabhairt cead do CIA úsáid a bhaint as aerspás agus aerfoirt na hÉireann d’eitiltí atá bainteach le géilleadh urghnách.
Ní féidir le hÉirinn ná le haon Bhallstát san Aontas Eorpach a bheith comhpháirteach le sáruithe ar chearta an duine."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples