Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-02-11-Speech-3-337-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150211.48.3-337-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, is dócha go bhfuil a lán tíortha daonlathacha i gcás idir dhá chomhairle faoi conas gur cheart déileáil le sceimhlitheoirí, sceimhlitheoirí mar a chonaiceamar i bPáras le déanaí agus ina lán áiteanna eile timpeall an domhain atá ag éirí níos dainséaraí agus níos dána.
Dar ndóigh is ceart go háirithe in aon chóras daonlathach cearta daoine a chosaint agus go háirithe cloí leis na dlíthe. Nuair nach dtarlaíonn sé sin is ceart é a cháineadh. Chuaigh na Stáit Aontaithe agus an CIA thar fóir is dócha agus ní ceart gan dabht gan é sin a cháineadh mar atáimid ag déanamh anseo inniu. Tá locht á fháil ar mo thír féin freisin nuair nár chuamar ar bord eitleán a bhí in Éirinn ar a slí go dtí na Stáit Aontaithe agus iad a chuardach. B’fhéidir go bhfuil sé sin fíor, ach mar a deirim táimid i gcás idir dhá chomhairle má caithfimid gach duine a chosaint agus is deacair déileáil le daoine nach gcloíonn le haon dlíthe in aon chor."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples