Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-01-15-Speech-4-190-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150115.26.4-190-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ní rachaidh mise thar mo chuid ama ach an oiread ach a rá go bhfuil an-áthas orm gur glacadh leis an tuarascáil seo – díreach anois – le 572 as 675 a vótáil ina bhfabhar. Tabharfaidh sé sin an-ghríosú don Ombudsman Emily O’Reilly agus tá sé tuillte aici mar tá sí ag dul faoina cuid oibre le fuinneamh, le féaráilteacht agus le crógacht mar a thaispeáin sí go háirithe lena coinne maidir le TTIP. Luadh freisin go bhfuil an chuid is mó de na hagóidí ag teacht de bharr daoine a bheith míshásta faoi obair an Choimisiúin agus má laghdaítear an obair sin mar atá ráite ag an Uasal Juncker, b’fhéidir nach mbeidh na hagóidí an méid céanna ag dul go dtí an tOmbudsman agus caithfidh go dtiocfaidh laghdú ar an obair a bheidh le déanamh aici amach anseo. Tugann sé sin, is dóigh liom, gríosú do gach duine agus beidh rudaí níos fearr amach anseo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples