Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-12-16-Speech-2-773-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20141216.38.2-773-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe, leis na rapóirtéirí agus leis an gCathaoirleach, an tUasal Arthuis, i gcomhair an méid oibre ar fad atá déanta acu i dtaobh réiteach éigin a fháil ar an scéal seo. Tá sé soiléir maidir le Buiséad 2015 go bhfuil idirdhealú mór fós ann idir an Eoraip a oibríonn do dhaoine saibhre agus an Eoraip a oibríonn do dhaoine bochta. Is léir go bhfuil na ciorruithe tubaisteacha fós slán agus go mbeidh daoine fós ag streachailt de bharr na bpolasaithe déine seo. Tá sé léirithe agamsa arís agus arís eile go bhfuil tionscal iascaireachta na hÉireann i bponc mar gheall ar chiorruithe ollmhóra agus is léir go bhfuil an scéal seo chun dul in olcas dóibh siúd mar go bhfuil sé beartaithe EUR 908 milliún a bhaint ó Cheannteideal 2. Tá freagracht agus dualgas orainn aire a thabhairt do na daoine soghonta atá inár measc. Caithfimid aire a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil ábalta aire a thabhairt dóibh féin agus tá sé scanrúil go bhfuil cabhair dhaonnúil níos ísle ná mar a bhí sé i 2014 de bharr gearradh siar faoi Cheannteideal 4. Cuireann sé déistin orm chomh maith go bhfuil tacaíocht do UNWRA laghdaithe ó EUR 300 milliún go EUR 286.5 milliún agus creidim go gcaithfimid cabhair dhaonnúil agus íocaíochtaí don chúlchiste cabhrach a mhéadú cun dul i ngleic leis an staid uafásach ina bhfuil na milliúin dídeanaithe. Mar aon leis seo, ba mhaith liom mo bhuairt a chur in iúl chomh maith maidir leis an . Nuair a thiocfaidh sé seo chun tosaigh i mí Eanáir tríd an dréachtbhuiséad leasaitheach, beidh tionchar aige ar Bhuiséad na hEorpa do 2015 agus tá sé feicthe go mbeidh aistarraingt dʼíocaíochtaí ó Fho-cheannteideal 1a agus Fo-cheannteideal 1b. Is ábhar buartha é seo agus caithfear aghaidh a thabhairt ar na rudaí seo mar bheart práinne."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
"(Thoiligh an cainteoir glacadh le ceist cárta ghoirm faoi Riail 162(8))"1
"Juncker Plan"1
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph